Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cód Cleachtais maidir le Glaonna Teileafóin a Thaifeadadh Ceisteanna Coitianta

Cód Cleachtais maidir le Glaonna Teileafóin a Thaifeadadh Ceisteanna Coitianta.

Is éard is Cód Cleachtais ann sraith fhoirmiúil treoirlínte agus caighdeán ina leagtar amach an chaoi a bhfuiltear ag súil go n-iompróidh eagraíocht agus a comhaltaí iad féin i ndáil le réimse nó gníomhaíocht ar leith. Tugann sé treoir shoiléir maidir le nósanna imeachta, freagrachtaí agus dea-chleachtas, agus cinntíonn sé comhsheasmhacht agus cuntasacht ar fud na heagraíochta.

Cén fáth a bhfuil an Garda Síochána ag tabhairt isteach Cód Cleachtais maidir le taifeadadh glaonna teileafóin?

Tá an Garda Síochána ag tabhairt isteach Cód Cleachtais maidir le taifeadadh glaonna teileafóin chun a chinntiú go ndéantar gach gníomhaíocht taifeadta glaonna ar bhealach dleathach, trédhearcach agus comhsheasmhach. Cuirfidh an Cód soiléireacht ar fáil don fhoireann maidir leis an gcaoi ar féidir rochtain a fháil ar ghlaonna taifeadta, iad a stóráil agus iad a úsáid, agus cinnteoidh sé ag an am céanna go gcomhlíonfaidh an Garda Síochána a oibleagáidí faoin reachtaíocht um chosaint sonraí, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí. Léiríonn sé, i ndeireadh na dála, tiomantas an Gharda Síochána don trédhearcacht, don chuntasacht agus do chosaint chearta daoine aonair.

Cén fáth a bhfuil an Garda Síochána ag taifeadadh glaonna teileafóin?

Déanann an Garda Síochána taifeadadh ar ghlaonna ar línte teileafóin ainmnithe áirithe faoi na cumhachtaí dá bhforáiltear i gCuid IV d’Acht an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta), 2023, go príomha chun tacú le cionta coiriúla a imscrúdú agus a bhrath, chun cáilíocht seirbhíse a chothabháil agus chun tacú le hoiliúint phearsanra an Gharda Síochána.

Cad é an bunús dlíthiúil le glaonna teileafóin a thaifeadadh?

Soláthraíonn Acht an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta), 2023, an creat dlíthiúil. Leagtar amach i gCuid IV den Acht cumhachtaí an Choimisinéara chun línte nó uimhreacha teileafóin a ainmniú lena dtaifeadadh. Ceanglaítear le Cuid VIII den Acht Cód Cleachtais a chur i bhfeidhm chun an ghníomhaíocht seo a rialú.

Cé a chinneann cé na línte teileafóin is féidir a thaifeadadh?

Tá cumhacht ag Coimisinéir an Gharda Síochána, faoi alt 22 d’Acht an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta) línte nó uimhreacha teileafóin a ainmniú i scríbhinn. Ní féidir ainmniú a dhéanamh ach amháin chun críocha reachtúla sonracha a leagtar amach san Acht seo.

Cé sa Gharda Síochána atá freagrach as maoirseacht agus cuntasacht?

Tá an Coimisinéir freagrach as línte teileafóin a ainmniú. Ceanglaítear ar gach comhalta agus ar gach duine de phearsanra an Gharda Síochána cloí leis an gCód. Tá pearsanra maoirseachta freagrach as maoirseacht chuí agus comhlíonadh cuí a chinntiú ar leibhéal oibríochtúil.

An mbaineann an Cód seo le gach líne theileafóin de chuid an Gharda Síochána?

Ní bhaineann. Ní bhaineann an Cód ach le línte nó uimhreacha teileafóin arna n-ainmniú go foirmiúil i scríbhinn ag an gCoimisinéir faoi Chuid IV d’Acht an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta). Níl gach líne theileafóin de chuid an Gharda Síochána ainmnithe lena taifeadadh.

 Príobháideachas agus Cosaint Sonraí.

An gcuirfear in iúl do dhaoine den phobal go bhfuil a nglao á thaifeadadh?

I gcás ina bhfuil líne theileafóin neamhéigeandála ainmnithe lena taifeadadh, ní mór an té a dhéanann an glao agus an té a fhaigheann é a chur ar an eolas go bhfuil an glao á thaifeadadh agus faoi chuspóir an taifeadta. Féadfar an fógra seo a thabhairt trí theachtaireacht uathoibrithe nó ar mhodh cuí eile. Maidir le línte éigeandála, tá feidhm ag forálacha ar leith faoi Acht an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta).

Conas a chinnteoidh an Garda Síochána go gcosnófar cearta príobháideachais glaoiteoirí?

Tá an Cód bunaithe ar na prionsabail seo a leanas: dlíthiúlacht, riachtanas, comhréireacht agus teorannú de réir cuspóra. Ní fhéadfar taifeadtaí a dhéanamh ach ar línte ainmnithe agus chun críocha reachtúla sonracha amháin. Ceanglaítear leis an gCód cloí go hiomlán leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988–2018, leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Chun cearta glaoiteoirí a chosaint tuilleadh, rinneadh Measúnú Tionchair iomlán ar Chearta an Duine maidir leis an gCód Cleachtais, lena chinntiú go bhfuil aon chur isteach ar cheart duine aonair chun príobháideachais dleathach, go bhfuil údar maith leis agus go bhfuil sé comhréireach.

Cá fhad a choinneofar glaonna teileafóin taifeadta?

Leagfar tréimhsí coinneála sonraí amach sa Chód agus i mbeartas gaolmhar de chuid an Gharda Síochána, i gcomhréir leis an reachtaíocht infheidhme um chosaintsonraí. Ní choinneofar sonraí taifeadta ach a fhad is gá chun na críche ar bailíodh iad di, agus déanfar iad a choinneáil i gcomhréir le ceanglais reachtacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988–2018.

Cé hiad na daoine a mbeidh rochtain acu ar ghlaonna teileafóin taifeadta?

Ní bheidh rochtain ar shonraí teileafóin taifeadta ach ag pearsanra údaraithe a ndearnadh grinnfhiosrúchán cuí orthu. Féadfar sonraí a nochtadh do thríú páirtithe, amhail Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, i gcás ina bhfuil ceanglas dlíthiúil ann déanamh amhlaidh.

An bhféadfaí glaonna taifeadta a chomhroinnt le páirtithe seachtracha nó rochtain a bheith ag páirtithe seachtracha orthu?

Ní nochtfar sonraí teileafóin taifeadta do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina bhfuil bunús dlíthiúil ann chuige sin, i gcomhréir le halt 23 d’Acht an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta), 2023, agus leis an reachtaíocht infheidhme um chosaint sonraí. Cuirfear na ceanglais slándála ábhartha uile chun feidhme chun rochtain neamhúdaraithe a chosc.

Slándáil agus Stóráil Sonraí

Conas a chinnteoidh an Garda Síochána nach féidir glaonna taifeadta a athrú ná a mhí-úsáid?

Ceanglaítear leis an gCód Cleachtais sonraí teileafóin taifeadta a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus iad a chosaint ar fhalsú, ar cheilt nó ar dhíothú neamhdhleathach. Beidh socruithe rialachais agus comhlíonta i bhfeidhm chun tacú leis sin.

 Maoirseacht agus Cuntasacht

Conas a thabharfar dearbhú don phobal nach leathnóidh taifeadadh glaonna teileafóin thar an gcuspóir a bhí beartaithe dó?

Leis an gCód, cuirtear teorainn dhian le húsáid sonraí teileafóin taifeadta sa chaoi nach bhféadfar iad a úsáid ach chun na gcríoch ar ina leith a rinneadh an t-ainmniú, i gcomhréir le prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra agus le halt 23 d’Acht an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta).

Conas a úsáidfear an t-aiseolas ón gcomhairliúchán poiblí seo?

Breithneofar gach aighneacht a gheofar le linn an chomhairliúcháin phoiblí sula dtabharfar an Cód Cleachtais chun críche. Beidh comhphlé le ranna ábhartha Rialtais ar siúl freisin i gcomhthráth leis an gcomhairliúchán poiblí.